Comóradh Céad Bliain na Chéad Dála
21 Eanáir 2019
Ag 3.30 p.m. ar an 21 Eanáir, 1919, a tionscnaíodh an Chéad Dáil Éireann i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath. Mar a tharla i gcás Éirí Amach 1916, bhí lucht na Gaeilge rannpháirteach, ní hamháin in imeachtaí stairiúla an lae úd, ach sna cruinnithe agus sna hullmhúcháin a tháinig roimhe. Le cinntiú gurbh í an Ghaeilge teanga oibre na Dála cuireadh coiste le chéile le téarmaí fóirsteanacha a cheapadh faoina choinne sin. Ar an choiste seo, bhí Seán Ó Ceallaigh (Sceilg), Pádraig Ó Máille, Liam de Róiste agus Piaras Béaslaí.